Céard a bheidh ar áireamh sa tuarascáil chreidmheasa
Tá d’fhaisnéis phearsanta agus chreidmheasa i do thuarascáil chreidmheasa.
Folaíonn FAISNÉIS PHEARSANTA | Folaíonn FAISNÉIS CHREIDMHEASA |
Ainm (céadainm & sloinne) | Cineál na hiasachta (cárta creidmheasa, morgáiste, rótharraingt) |
Seoladh reatha agus seoltaí roimhe seo | Ainm an iasachtóra |
Dáta breithe | Méid na hiasachta |
Uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (UPSP) | Iarmhéid gan íoc |
Inscne | Líon na n-iasachtaí thar téarma, más ann dóibh |
Éirchód | Dáta na chéad íocaíochta eile |
Uimhir ghutháin | Méid na chéad íocaíochta eile |
Gach mí, cuireann d’iasachtóir faisnéis phearsanta chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Leis seo, cinntítear go ndéantar do chuid iasachtaí go léir ó iasachtóirí éagsúla a mheaitseáil i gceart ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
Folaíonn faisnéis chreidmheasa, faisnéis chreidmheasa dhearfach, mar shampla íocaíocht a rinneadh; agus faisnéis chreidmheasa dhiúltach, mar shampla íocaíocht nach ndearnadh. Cuireann d’iasachtóir an fhaisnéis seo ar fáil chun cur le do stair chreidmheasa agus chun do thuarascáil chreidmheasa a chruthú.
Cuirfear leis an bhfaisnéis chreidmheasa seo le himeacht aimsire go dtí go mbeidh faisnéis cúig bliana le fáil sa tuarascáil chreidmheasa.
I gcás iasacht ghníomhach (i.e. iasacht a bhfuil íocaíochtaí fós á ndéanamh ina leith nó a bhfuiltear ag súil leis go ndéanfar íocaíochtaí ina leith), ní bheidh ach an dá bhliain is déanaí d’fhaisnéis íocaíochta le feiceáil ag iasachtóir. I gcás iasacht scortha (i.e. iasacht a bhfuil na híocaíochtaí go léir glanta ina leith nó iasacht atá scortha ag an iasachtóir), ní bheidh ach an dá bhliain dheireanacha d’fhaisnéis íocaíochta le feiceáil ag iasachtóir.
Nuair a shlánóidh an fhaisnéis is sine cúig bliana, déanfar gach iontráil ar leith a scriosadh gach mí ina dhiaidh sin. Déanfar faisnéis maidir le hiasacht scortha a bhaint den tuarascáil chreidmheasa cúig bliana i ndiaidh na híocaíochta deiridh.
Coinneofar faisnéis phearsanta ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa go ceann tréimhse cúig bliana ón dáta a nglanfar an iasacht.
Gach uair a gheobhaidh iasachtóirí do thuarascáil chreidmheasa, fágfaidh siad taifead ar a dtugtar lorg. Is ionann lorg agus taifead den dáta, d’ainm an iasachtóra, agus den chúis ar iarr an t-iasachtóir áirithe sin do thuarascáil chreidmheasa.
Taispeánfar an lorg sin ag bun na tuarascála agus fanfaidh sé ansin go ceann cúig bliana tar éis don iasachtóir rochtain a fháil uirthi.
Is féidir leat tuarascáil chreidmheasa a iarraidh nó breathnú ar ár mbileog eolais maidir le tuarascáil chreidmheasa a iarraidh.
Ní dhéanfaidh an Príomh-Chlár Creidmheasa:
- cinneadh i dtaobh iasacht a cheadú nó a dhiúltú - is é an t-iasachtóir a dhéanfaidh an cinneadh sin;
- tuarascálacha creidmheasa a scóráil nó a ghrádú.