Cosaint Sonraí

Ráiteas maidir le Cosaint Sonraí

Sa Ráiteas maidir le Cosaint Sonraí seo, tá eolas faoi na bealaí ina bpróiseálann Banc Ceannais na hÉireann (an “Banc Ceannais”) sonraí pearsanta a chuirtear chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Bhunaigh an Banc Ceannais an Príomh-Chlár Creidmheasa faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 (Acht 2013) agus faoi rialacháin ghaolmhara. Is bunachar sonraí éigeantach é ina bhfuil faisnéis chreidmheasa agus phearsanta lena n-éascaítear tuairisciú creidmheasa ag iasachtóirí don Phríomh-Chlár Creidmheasa agus seiceáil chreidmheasa ag iasachtóirí a chuireann creidmheas ar fáil faoi Acht 2013.

Chun críocha na reachtaíochta um chosaint sonraí, is é Banc Ceannais na hÉireann, Sráid Wapping Nua, Cé an Phoirt Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, an rialaitheoir sonraí do shonraí pearsanta a chuirtear ar fáil don Phríomh-Chlár Creidmheasa.

Rinne an Banc Ceannais conradh le CRIF Ireland Ltd., an Chéad Urlár, Adelphi Plaza, Sráid Sheoirse Uachtarach, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath (fochuideachta CRIF S.p.A ar lánúinéireacht) chun an Príomh-Chlár Creidmheasa a oibriú. Is é CRIF Ireland Ltd próiseálaí sonraí an Bhainc Ceannais.

An fhaisnéis go léir a bhíonn á coinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, stóráiltear laistigh den Aontas Eorpach í. Má dhéanann iasachtaí atá lasmuigh den Aontas Eorpach iarratas ar thuarascáil chreidmheasa, déanaimid mar a iarrfaidh an t-iasachtaí.

Faisnéis phearsanta a bhailiú agus a úsáid

Faoi Acht 2013, tá oibleagáid ar iasachtóirí faisnéis chreidmheasa agus phearsanta a tharchur chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa i leith iarratais ar iasachtaí agus comhaontuithe iasachta (a bhfuil ar áireamh).

Sa chomhthéacs sin, folaíonn faisnéis phearsanta an méid seo a leanas:

       (a) ainm

       (b) dáta breithe

       (c) inscne

       (d) seoladh reatha agus seoltaí roimhe seo

       (e) uimhir ghutháin

       (f) uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (PPSN)

Tá faisnéis phearsanta de dhíth chun iasachtaithe a aithint go cruinn agus a gcuid iasachtaí a mheaitseáil lena gcuid iarratas ar iasachtaí, lena n-áirítear iasachtaí a bheidh acu le hiasachtóirí éagsúla.

Cuireann iasachtóirí faisnéis chreidmheasa ar fáil, amhail an cineál iasachta atá ag iasachtaí nó a bhfuil iarratas déanta uirthi, an méid a fuarthas ar iasacht nó ar cuireadh isteach air, agus sonraí eile i leith comhaontuithe iasachtaí agus iarratas ar iasachtaí lena n-áirítear i leith comhaontuithe iasachtaí reatha, faisnéis a bhaineann le feidhmíocht an iasachtaí faoin iasacht.

Déantar faisnéis chreidmheasa agus an fhaisnéis phearsanta ghaolmhar a stóráil go sábháilte ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, agus rialaítear go docht rochtain ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa i gcomhréir le hAcht 2013.

Ní dhéanfar an faisnéis sin a eisiúint ach amháin sna himthosca seo a leanas:

  • I gcás ina n-iarrfaidh iasachtóir nó an t-iasachtaí lena mbaineann an fhaisnéis rochtain ar fhaisnéis atá á stóráil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa i gcomhréir le hAcht 2013; 
  • I gcás ina dtoileoidh an t-iasachtaí lena mbaineann an fhaisnéis go ndéanfar an fhaisnéis sin a nochtadh do dhuine éigin eile; nó
  • Mar a fhoráiltear le hAcht 2013, leis an Acht um Chosaint Sonraí 2018, nó mar a cheanglaítear nó mar a cheadaítear faoin dlí nó faoi aon reachtaíocht infheidhme eile.

Chomh maith leis sin, féadfaidh go n-aistreoidh an Banc Ceannais faisnéis chuig gníomhaireachtaí stáit agus comhlachtaí um fhorfheidhmiú dlí nuair is gá agus nuair a mheastar gur iomchuí agus comhréireach déanamh amhlaidh.

 

Tréimhse ar féidir faisnéis phearsanta a choinneáil lena linn

Déanfar faisnéis phearsanta arna stóráil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa a bhaint nuair a bheidh an fhaisnéis chreidmheasa ghaolmhar dheireanach scriosta.

Déanfar faisnéis chreidmheasa arna tarchur ag iasachtóirí i leith iarratais nua ar iasachtaí a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa go gceann tréimhse 6 mhí ón dáta ar a ndéanfar an fhaisnéis sin a thaifeadadh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa.

Faisnéis chreidmheasa arna cur ar fáil ag iasachtóirí i leith comhaontuithe iasachta, déanfar í a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa go ceann tréimhse 5 bliana ar a mhéad;

I gcás ina mbeidh na dliteanais go léir faoin gcomhaontú isasachta aisíoctha, díscríofa nó glanta, déanfar an fhaisnéis chreidmheasa a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa go ceann tréimhse 5 bliana tar éis an iasacht a aisíoc. Ní mór a chur san áireamh nach dtosóidh an tréimhse 5 bliana sin go dtí go mbeidh an iasacht aisíoctha, díscríofa nó glanta. Mura gcomhlíonann tú an comhaontú iasachta nó má scoireann tú d’íocaíochtaí a dhéanamh, ní thosóidh an tréimhse 5 bliana. Sa chás seo, leanfaidh d’iasachtóir den iasacht a thuairisciú agus leanfar den iasacht a thaispeáint ar do thuarascáil chreidmheasa.

Aon fhaisnéis phearsanta a chuirfidh tú féin nó tríú páirtí ar fáil i bhfoirm doiciméid céannachta, le linn duit aon cheann de do chearta a fheidhmiú, amhail iarratas a dhéanamh ar thuarascáil chreidmheasa, iarratas a dhéanamh ar leasú, ráiteas míniúcháin nó fógra maidir pearsanú amhrasta a chur le tuarascáil chreidmheasa, déanfar í a choinneáil go ceann tréimhse 5 bliana.

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear i bhfeidhmiú an Phríomh-Chláir Creidmheasa, féadfar í a úsáid chun faisnéis chruinn a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Aon fhaisnéis a chuirfidh tú ar fáil i bhfeidhmiú aon cheart, amhail d’uimhir PSP, seoladh/seoltaí nach bhfuil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa cheana féin, féadfar í a chur leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa chun cruinneas na faisnéise pearsanta i do leith a chinntiú.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa chun cóip de do thuarascáil chreidmheasa a fháil.  Bíonn lorg i dtuarascáil chreidmheasa. Is ionann lorg agus taifead ar na dátaí ar fad ar a bhfuarthas rochtain ar an tuarascáil chreidmheasa. Ar an tuarascáil chreidmheasa a thabharfar duit, áireofar sa lorg taifead ar gach rochtain a bhfuarthas ar an tuarascáil le cúig bliana anuas lena n-áirítear ainm an iarrthóra.  Ar an tuarascáil chreidmheasa a thabharfar d’iasachtóir, áireofar sa lorg taifead ar rochtain le dhá bhliain anuas ach ní áireofar ainm an iarrthóra.

Féadfaidh an Banc Ceannais úsáid a bhaint as aon fhaisnéis a bheidh á coinneáil faoi ainm bréige ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa chun aon fheidhm dá chuid a chomhlíonadh.  Tacaíonn an fhaisnéis a choinnítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa le hoibleagáidí agus feidhmeanna an Bhainc Ceannais lena n-áirítear cosaint tomhaltóirí, maoirseacht a dhéanamh ar an earnáil airgeadais agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Aon fhaisnéis a aistrítear ón bPríomh-Chlár Creidmheasa chuig an mBanc Ceannais lena húsáid i bhfeidhmiú a chuid oibleagáidí nó feidhmeanna, cuirtear ar fáil í faoi ainm bréige.

I mí Lúnasa 2023, d’aithin an Banc Ceannais saincheist ba chionsiocair le cosc a chur ar scriosadh uathoibríoch sonraí a bhí le baint de bhunachar sonraí an Phríomh-Chláir Creidmheasa. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar centralbank.ie. Réitíodh an tsaincheist seo agus tá na próisis maidir le scriosadh sonraí ón bPríomh-Chlár Creidmheasa ag obair mar is ceart anois. D’fhonn ár n-imscrúdú ar an ní seo a éascú, déanfaimid cóipeanna de shonraí áirithe ón bPríomh-Chlár Creidmheasa i ndáil leis an tsaincheist seo a choinneáil i mbunachar sonraí ar leith. Ní bhainfear leas as an mbunachar sonraí seo chun tuarascálacha creidmheasa a ghiniúint, agus tá sé i gceist againn an bunachar sonraí a scriosadh nuair a bheidh ár n-imscrúdú tugtha chun críche.

An bealach is tapúla chun cóip de do Thuarascáil Chreidmheasa a fháil is ea iarratas a dhéanamh ar líne.  Nó, is féidir leat rochtain a fháil ar do chuid sonraí ón bPriomh-Chlár Creidmheasa ach teagmháil a dhéanamh linn ar ccrdataprotection@centralbank.ie.

 

Do chearta

Faoi Acht 2013, tá na cearta seo a leanas agat i ndáil le faisnéis, faisnéis phearsanta san áireamh, atá á coinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa:

  • ceart chun ráiteas míniúcháin a chur le do thuarascáil chreidmheasa;
  • ceart chun iarratas a dhéanamh ar cheartú faisnéise atá míchruinn, neamhiomlán nó nach bhfuil cothrom le dáta;
  • ceart chun pearsanú amhrasta a thuairisciú;
  • ceart chun cóip de do thuarascáil chreidmheasa a iarraidh (nó cead a thabhairt do thríú páirtí tuarascáil chreidmheasa a iarraidh thar do cheann). Féach ár mbileog eolais do thríú páirtithe.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar do tuarascáil chreidmheasa ar líne

Faoin reachtaíocht um chosaint sonraí, tá an ceart agat rochtain a fháil ar do chuid sonraí pearsanta ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa agus chun iarratas a dhéanamh ar cheartú faisnéise atá míchruinn, neamhiomlán nó nach bhfuil cothrom le dáta. Tá an ceart agat freisin a iarraidh go ndéanfar rochtain ar do chuid sonraí pearsanta a shrianadh fad a bheidh breithniú á dhéanamh ag an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar leasú a bheidh iarrtha agat.

Ní féidir leat do chearta um chosaint sonraí a úsáid chun sonraí ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa a scriosadh/a cheartú ach amháin i gcás ina mbeidh sí míchruinn nó tuairiscithe go mícheart. Mar shampla, má thuairiscíonn d’iasachtóir faisnéis chruinn maidir le hiasacht ar mhainnigh tú ina leith, ní bheidh tú ábalta leas a bhaint as do chearta um chosaint sonraí chun an fhaisnéis seo a bhaint den Phríomh-Chlár Creidmheasa.  

Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is téacschomhaid bheaga iad fianáin a chuireann an suíomh gréasáin seo ar do ríomhaire, ar d’fhón cliste nó ar ghléas eile de do chuid. Léigh ár mBeartas Príobháideachais agus Fianán.

 

Ceisteanna agus gearáin

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn. Nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí sa Bhanc Ceannais ar dataprotection@centralbank.ie nó Fógra Príobháideachais an Bhainc Ceannais maidir le Cosaint Sonraí a léamh.

Ina theannta sin, tá an ceart ag pearsana aonair gearán a dhéanamh tráth ar bith leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí má cheapann siad go ndearnadh sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach a sháraíonn an dlí um chosaint sonraí. 

Nó, is féidir leat rochtain a fháil ar do chuid sonraí ón bPríomh-Chlár Creidmheasa ach teagmháil a dhéanamh le ccrdataprotection@centralbank.ie.

 

Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí

Rinne an Banc Ceannais Measúnú Tionchair ar Phríobháideachas (PIA) agus Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí (DPIA) thar thréimhse chur chun feidhme céimnithe an Phríomh-Chláir Creidmheasa.

Ba é cuspóir an PIA agus an DPIA measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar phríobháideachas agus ar chearta cosanta sonraí na bpearsana aonair is ábhar d’fhaisnéis chreidmheasa, agus cuidiú le measúnú a dhéanamh ar réitigh fhéideartha ar na rioscaí sin.

Sna hachoimrí feidhmiúcháin den Mheasúnú Tionchair ar Phríobháideachais agus den Mheasúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí , tugtar dearbhú go ndeacthas i ngleic leis na rioscaí sainaitheanta go léir. Tá cóipeanna leasaithe den PIA agus den DPIA ar fáil freisin. 

 

Nollaig 2024