Pearsanú Amhrasta
Fógra maidir le Pearsanú Amhrasta
Má chreideann tú le réasún go raibh nó go bhfuil pearsanú á dhéanamh ag duine éigin ort nó go bhfuil duine éigin ar tí pearsanú a dhéanamh ort, is féidir leat fógra maidir le pearsanú amhrasta a chur ar do thuarascáil chreidmheasa. Is féidir leat an ní a thuairisciú don Gharda Síochána agus do d’iasachtóir freisin.
- Léigh ár mbileog eolais i dtaca le Fógra maidir le Pearsanú Amhrasta, ansin
- Breathnaigh ar an liosta de na doiciméid aitheantais atá inghlachta;
Bain úsáid as na cnaipí thíos chun iarratas nua a thosú nó chun stádás iarratais reatha a sheiceáil.
DAOINE AONAIR (tomhaltóir, trádálaí aonair nó aon duine nádúrtha eile ar féidir leis no léi UPSP a chur ar fail) |
EINTITIS NEAMHDHAONNA (cuideachta, eintiteas dlíthiúil, nó aon eintiteas eile ar féidir leis uimhir BRN nó CRO nó a coibhéis eachtrach a chur ar fail) |
Chun d’fhoirm a chomhlánú ar líne lean na treoracha ar an scáileán.
Mura bhfuil tú in ann an próiseas seo a chomhlánú ar líne agus más duine aonair thú, féadfaidh tú foirm iarratais a íoslódáil anseo. Comhlánaigh agus seol ar ais é le gach doiciméad riachtanach leis an bpost chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa.
Más duine aonair tú agus mura bhfuil tú in ann iarratas a dhéanamh ar líne seol ríomhphost chuig myrequest@centralcreditregister.ie
Tógfaidh sé níos mó ama iarratas poist a phróiseáil ná iarratas ar line.