Céard atá ar áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa?
Cineálacha Iasachtaithe
- Is iad seo a leanas na cineálacha iasachtaithe a áirítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa:
- Cuideachtaí
- Tomhaltóirí
- Daoine aonair
- Comhpháirtíochtaí
- Trádálaithe aonair
Féadfar go n-áireofar ar na cineálacha iasachtaithe aon eintitis eile a bheidh lonnaithe sa Stát an tráth a dhéanfar an t-iarratas ar chreidmheas amhail clubanna nó cumainn, nó i gcás ina mbeidh an comhaontú creidmheasa faoi rialú ag dlí na hÉireann. Amach anseo, áireofar ráthóirí a thugann ráthaíochtaí nó slánaíochtaí.
Cineálacha Iasachtóirí
Is iad seo a leanas na Soláthraithe Faisnéise Creidmheasa, nó iasachtóirí, atá ar áireamh ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa:
- Tithe Maoinithe Sócmhainní
- Bainc
- Comhair Chreidmheasa
- Gnólachtaí a bhfuil leabhair iasachta faighte acu ó institiúidí airgeadais Éireannacha le blianta beaga anuas
- Soláthraí creidmheasa ardchostais
- Údaráis áitiúla
- GNBS
Liosta de Sholáthraithe Faisnéise Creidmheasa
Cineálacha Iasachtaí
Áirítear iasachtaí ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa má tá siad comhionann le €500 nó níos mó ná sin agus:
- Má tá cónaí ar an iasachtaí sa Stát an tráth a dhéanfaidh sé/sí iarratas ar iasacht nó,
- Má tá an comhaontú iasachta nó an t-iarratas ar iasacht faoi rialú ag dlí na hÉireann.
Cineálacha iasachtaí atá ar áireamh | Nach bhfuil ar áireamh | ||
Ón 30 Meitheamh 2017 | Ón 31 Márta 2018 | Ón 30 Meitheamh 2019 | |
Cártaí creidmheasa | Iasachtaí gnó | Comhaontuithe fruilcheannaigh | Billí fóntais |
Morgáistí | Iasachtaí ó údaráis áitiúla | PCPanna | Geallbhróicéirí |
Rótharraingtí | Soláthraí creidmheasa ardchostais | Maoiniú sócmhainní | Faisnéis maidir le hioncam/tuarastal |
Iasachtaí pearsanta | Dliteanais cánach | ||
Cuntais taisce | |||
Taifid de chuid Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann | |||
Taifid de chuid na Seirbhíse Cúirteanna |