Suíomh na nIasachtóirí
Cé atá i dteideal clárú ar Shuíomh na nIasachtóiríChun rochtain a fháil ar Shuíomh na nIasachtóirí:
Liosta Soláthraithe Faisnéise Creidmheasa Má tá ceist agat a bhaineann le hiaschtóir, féadfaidh tú eolas a fháil sna Ceisteanna Coitianta d’Iaschtóirí nó is féidir leat fiosrúchán a dhéanamh anseo. Más iasachtóir tú agus má tá an Cód Soláthraí nó an Uimhir Chláraithe caillte agat nó mura bhfuair tú iad, féadfaidh tú fiosrúchan a dhéanamh. Le do thoil, léigh ár ráiteas cosanta sonraí. Cad is Soláthraí Faisnéise Creidmheasa ann Faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013, ciallaíonn Soláthraí Faisnéise Creidmheasa: a) soláthraí rialáilte seirbhísí airgeadais b) GNBS c) údarás áitiúil, nó d) aon duine nach bhuil laistigh de mhír (a) go (c) a sholáthraíonn creidmheas, seachas— i. an Banc nó banc ceannais aon tíre nó aon chríche seachas an Stát, nó ii. geallbhróicéir, de réir bhrí an Achta Geallbhróicéirí 1964. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí um thuairisciú creidmheasa le breis agus 500 iasachtóir lena n-áirítear bainc, comhair chreidmheasa, údaráis áitiúla, GNBS, iasachtóirí ceadúnaithe airgid, agus tithe maoinithe sócmhainní. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí leis na heintitis sin a bhfuil leabhair iasachta faighte acu ó institiúidí airgeadais Éireannacha le blianta beaga anuas freisin. Tar éis duit clárúA luaithe a chláróidh iasachtóirí, beidh siad ábalta rochtain a fháil ar na nithe seo agus iad a íoslódáil:
Tá tuilleadh eolais ar fáil sna Ceisteanna Coitianta. Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le hAmlíne an Chlárúcháin.
|