Treoir maidir leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa

I lámhleabhar an Phríomh-Chláir Creidmheasa, gheofar sraith doiciméad faisnéise agus leabhráin theicniúla. Moltar na doiciméid sin a léamh in ord, ag tosú leis an Treoir.

Ba cheart an Treoir a léamh i gcomhthéacs na n-oibleagáidí dlíthiúla a fhorchuirtear ar Sholáthraí Faisnéise Creidmheasa (CIP) de bhua na bpíosaí reachtaíochta seo a leanas.

  • An tAcht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 arna leasú (an tAcht);
  • An tAcht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais;
  • Rialacháin agus Orduithe arna ndéanamh faoin Acht;
  • Na hAchtanna um Chosaint Sonraí arna leasú.

Is mar eolas a chuirtear an Treoir ar fáil agus ní hionann í agus comhairle dhlíthiúil nó aon chomhairle ghairmiúil eile.  Is faoi fhreagracht na CIPanna atá sé comhlíonadh an Achta seo a chinntiú.

Treoir maidir leis n bPríomh-Chláir Creidmheasa