An Creat Dlíthiúil

Leis an Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 (arna leasú), leagtar síos an bonn reachtúil faoina mbíonn an Príomh-Chlár Creidmheasa á oibriú ag an mBanc Ceannais. Leagtar amach forálacha ann maidir leis na nithe seo a leanas:

  • Raon feidhme an Phríomh-Chláir Creidmheasa, cé leis a mbaineann sé agus na tairseacha gaolmhara maidir le tuairisciú;
  • Faisnéis a shealbhú ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, lena n-áirítear an fhaisnéis phearsanta agus chreidmheasa is féidir a shealbhú ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa;
  • An fhaisnéis a áireofar ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa agus réimse na faisnéise pearsanta agus creidmheasa a bhaileofar;
  • Rochtain ar an bhfaisnéis ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuirfear ar fáil mar fhreagairt ar iarratas ar rochtain;
  • Faisnéis a choinneáil, a leasú agus a cheartú;
  • Na tobhaigh agus táillí a fhéadfar a ghearradh ar úsáideoirí an Phríomh-Chláir Creidmheasa.

Leis an Acht um Thuairisciú Creidmheasa, leagtar síos an bonn reachtúil maidir le hoibriú an Phríomh-Chláir Creidmheasa. Beidh próiseáil sonraí pearsanta de chuid ábhar sonraí á rialú ag na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018 agus ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. 

Is é seo a leanas an creat dlíthiúil a thacaíonn leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa:

Reachtaíocht Phríomhúil

An tAcht um Thuairisciú Creidmheasa 2013

An tAcht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais 2018 (MiFID)

Rialacháin

Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 6) (Faisnéis Phearsanta Bhreise), 2016

Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 11) (Faisnéis a Sholáthar le haghaidh an Phríomh-Chláir Creidmheasa), 2016

Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 17) (Rochtain ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa), 2016

Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 20) (Céannacht Ábhar Faisnéise Creidmheasa a Fhíorú), 2016

Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 24) (Fógraí), 2016

Na rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 26) (Táillí), 2018 

Na rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 26) (Táillí) (Leasú)2018

Na Rialacháin fán Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013 (Alt 20) (Céannacht Ábhar Faisnéise Creidmheasa a Fhíorú) (Leasú), 2019