Liosta de Sholáthraithe Faisnéise Creidmheasa

Liosta de Sholáthraithe Faisnéise Creidmheasa

Cliceáil ar an nasc thuas chun breathnú ar an Liosta is déanaí de Sholáthraithe Faisnéise Creidmheasa a bhfuil faisnéis phearsanta agus faisnéis chreidmheasa curtha chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa acu.

Déanfar an liosta a nuashonrú go rialta de réir mar a chuirfidh níos mó iasachtóirí faisnéis isteach.

Ó am go ham, féadfaidh go ndéanfaidh iasachtóirí punanna iasachtaí a dhíol le hiasachtóirí eile agus, sa chás sin, athrófar ainm an tSoláthraí Faisnéise Creidmheasa ar do thuarascáil chreidmheasa chuig ainm an tSoláthraí Faisnéise Creidmheasa nua. Ina theannta sin, d’fhéadfadh iasachtóirí teacht le chéile nó d’fhéadfadh iasachtóir amháin seilbh a fháil ar cheann eile. D’fhéadfadh athrú ainm tarlú dá bharr sin freisin.

Sa dhá shampla sin, bheadh oibleagáid ar an Soláthraí Faisnéise Creidmheasa nua faisnéis a thuairisciú don Phríomh-Chlár Creidmheasa, lena n-áirítear a ainm.

In Alt 3.11 den Chód um Chosaint Tomhaltóirí de chuid an Bhainc Ceannais, leagtar amach na coinníollacha faoinar gá fógra a thabhairt do thomhaltóirí maidir le haistrithe den sórt sin. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Úsáidtear an fhaisnéis a chuireann gach Soláthraí Faisnéise Creidmheasa ar fáil, agus an fhaisnéis sin amháin, chun tuarascáil chreidmheasa a chruthú. Níl teacht ag an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar aon doiciméid tacaíochta a bhaineann le hiasacht, ar nós foirmeacha iarratais nó téarmaí agus coinníollacha. Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le haistriú d’iasachta, téigh i dteagmháil leis an Soláthraí Faisnéise Creidmheasa atá ainmnithe ar do thuarascáil chreidmheasa.

Faigh amach conas is féidir leat iarratas a dhéanamh ar do thuarascáil chreidmheasa agus aon cheann de do chearta a fheidhmiú nó léigh ár gcuid Ceisteanna Coitianta.