Treoir maidir leis an bPríomh-Chlár Creidmheasa
I lámhleabhar an Phríomh-Chláir Creidmheasa, gheofar sraith doiciméad faisnéise agus leabhráin theicniúla. Moltar na doiciméid sin a léamh in ord, ag tosú leis an Treoir.
Ba cheart an Treoir a léamh i gcomhthéacs na n-oibleagáidí dlíthiúla a fhorchuirtear ar Sholáthraí Faisnéise Creidmheasa (CIP) de bhua na bpíosaí reachtaíochta seo a leanas.
- An tAcht um Thuairisciú Creidmheasa 2013 arna leasú (an tAcht);
- An tAcht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais;
- Rialacháin agus Orduithe arna ndéanamh faoin Acht;
- Na hAchtanna um Chosaint Sonraí arna leasú.
Is mar eolas a chuirtear an Treoir ar fáil agus ní hionann í agus comhairle dhlíthiúil nó aon chomhairle ghairmiúil eile. Is faoi fhreagracht na CIPanna atá sé comhlíonadh an Achta seo a chinntiú.
Treoir maidir leis n bPríomh-Chláir Creidmheasa